Taighdeoir Iar-Dhochtúireachta, Ionad Na Gaeilge Labhartha

University College Cork
March 28, 2024
Contact:N/A
Offerd Salary:€42,781 - €49,177
Location:N/A
Working address:N/A
Contract Type:Other
Working Time:Negotigation
Working type:N/A
Ref info:N/A
Taighdeoir Iar-Dhochtúireachta, Ionad Na Gaeilge Labhartha

2.5 Years, Fixed-Term, Whole-Time Post

Achoimre an Phoist

Tionscnamh de chuid Ionad na Gaeilge Labhartha is ea Barr na gCnoc, agus é á mhaoiniú ag an Údarás um Ard-Oideachas. Is í an príomhchuspóir ná an Ghaeilge a chothú mar chumasóir sóisialta agus oideachasúil i scoileanna DEIS i gceantar na hOllscoile. Scoil láir an tionscnaimh ná Gaelcholáiste Mhic Shuibhne (GMS) i gCnoc an Chuilinn / Cnoc na hAoine, ina raibh scéim phíolóiteach á rith ó 2017 ar aghaidh le tacaíocht UCC. Cuireann Barr na gCnoc roimhe torthaí na scéime sin a bhuanú in GMS agus a leathnú go scoileanna eile, bunscoileanna san áireamh.

Déanfaidh an Taighdeoir Iar-Dhochtúireachta taighde ar gach aon chuid den dtionscnamh, ó chur i bhfeidhm go torthaí, agus tuairisceoidh I dtuarascálacha agus i bpáipéir acadúla ar an dtionscnamh mar a théann sé chun cinn. Oibreoidh i bpáirt ar ghnéithe de leis an Oifigeach Teangan. Beidh sé/sí fé stiúir ag Príómh-Thaighdeoir an Tionscnaimh.

Project Title: Barr na gCnoc

Faid an phoist: 2.5 Bliana

Tuarastal: €42,781 - €49,177 p.a. (IUA PD1 Salary Scale)

Is féidir ceisteanna a chur go neamhfhoirmiúil agus faoi rún go dtí an tOllamh Pádraig Ó Macháin, Stiúrthóir, Ionad na Gaeilge Labhartha, Tel: + 353 (0) 21 4902340; Email: [email protected]

Ní mór iarratais a shíneadh isteach arlíne tré thairseach Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, (https: // ore.ucc.ie/). Ba cheart ceisteanna faoi phróiseas an iarratais a chur go dtí [email protected], agus teidal an phoist a lua.

Ba choir d'iarrthóirí iarratas a chur isteach faoi rún roimh 12 meán lae (Am na hÉireann) Déardaoin, 28 Márta 2023.

Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.

Tá le tabhairt faoi deara go mbraithfidh ceapachán ar bith ar fhaomhadh na hOllscoile, chomh maith le téarmaí an chreata rialaithe fostaíochta don earnáil tríú leibhéil.

UCC is committed to creating and fully embracing an inclusive environment where diversity is celebrated. As a University we strive to create a workplace that reflects the diversity of our student population where people from a wide variety of backgrounds learn from one another, share ideas, and work collaboratively. UCC is committed to being an employer that recognises the value of diversity amongst its staff. We encourage applicants to consult our policies at https: // www. ucc.ie/en/edi/policies/ and initiatives at https: // www. ucc.ie/en/edi/implementation/ and we welcome applications from everyone, including those who are underrepresented in the protected characteristics set out in our Equal Opportunities & Diversity Policy.

FOSTAITHEOIR COMHIONANNAS DEISEANNA É COLÁISTE NA HOLLSCOILE CORCAIGH

Contact Person : an tOllamh Pádraig Ó Macháin Contact Email : [email protected] Job ID : 074751 Contact Number : 353 (0) 21 4902340 Close Date : 28-Mar-2024 12:00

From this employer

Recent blogs

Recent news