Oifigeach Forbartha Gaeilge, Barr Na Gcnon, Ionad Na Gaeilge Labhartha

University College Cork
May 07, 2024
Contact:N/A
Offerd Salary:€53,395 - €63,716
Location:N/A
Working address:N/A
Contract Type:Other
Working Time:Negotigation
Working type:N/A
Ref info:N/A
Oifigeach Forbartha Gaeilge, Barr Na Gcnon, Ionad Na Gaeilge Labhartha

Fixed Term Whole-time Post

(2 Years)

Táthar ag lorg iarratas ar phost mar Oifigeach Forbartha Gaeilge le tionscnamh Bharr na gCnoc, Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Post sainchuspóra dhá bhliana é seo.

Tá Oifigeach Forbartha Gaeilge á lorg ag Barr na gCnoc, ar tionscnamh é de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, faoi mhaoiniú ón Udarás um Ard- Oideachas. Post nua dhá bhliana é seo. Aithníonn Barr na gCnoc cumas na Gaeilge agus an Ghael-oideachais chun daltaí scoile i gceantracha faoi mhíbhuntáiste a mhisniú faoi dhearcadh dearfach a bheith acu i leith an tsaoil agus i leith arbh fhéidir leo a bhaint amach sa saol. Bunaithe ar an dtuiscint sin, tugann Barr na gCnoc tacaíocht do theagasc na Gaeilge agus don Ghaeilge mar theanga theagaisc agus chumarsáide i scoileanna DEIS tré bheartán de thograí tacúla a chur ar fáil. Soláthraítear an tacaíocht sin do dhaltaí, do mhúinteoirí, do thuismitheoirí agus do phobal uile na scoileanna. Tá le tabhairt faoi deara go bhféadfadh Grinnfhiosrúchán de chuid an Gharda Shíochána, agus/nó faomhadh ó phóilíní idirnáisiúnta, bheith ina chuid den bpróiseas roghnúcháin.

Oibreoidh an té a cheapfar le Ceannaire an Tionscnaimh chun Plean Teanga Bharr na gCnoc a bheachtú agus a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Déanfaidh sé/sí comhordú agus maoirseoireacht ar obair laethúil an tionscnaimh maidir leis na príomhchuspóirí a bhaint amach chomh fada is a bhaineann le teanga na Gaeilge de. Beidh baint ag an té a cheapfar le gach aon ghné den dtionscnamh: tacú le daltaí agus tuismitheoirí, tacú leis an bpobal mór, agus áiteamh agus bolscaireacht a dhéanamh thar cheann Bharr na gCnoc do réir mar is gá. Tacóidh an té a cheapfar go praiticiúil leis an nGaeilge (idir úsáid agus theagasc) a chur chun cinn sna scoileanna a mbeidh baint acu leis an dtionscnamh. Féachfaidh sé/sí chuige go ndéanfar pobal foghlaimeoirí agus pobal teangan a chruthú agus a chothú thart ar scoileanna an tionscnaimh. Cothóidh sé/sí teagmháil le muintir na nGaeltachtaí agus le scoileanna Gaeltachta chun deiseanna teangan a sholáthar sna Gaeltachtaí do dhaltaí scoile an tionscnaimh. Beidh an té a cheapfar freagrach do Stiúrthóir Ionad na Gaeilge Labhartha.

Tá pacáiste eolais ina bhfuil sonraí an phoist, na critéir roghnaithe, agus eolas faoin bpróiseas iarratais le fáil ag https: // ore.ucc.ie/. Tharlódh go ndéanfadh an Ollscoil, do réir mar ba mhian léi, ceapachá(i)n b(h)reise ón gcomórtas seo nuair a bheidh an próiseas i gcrích.

Is féidir an post a phlé go neamhfhoirmiúil agus faoi rún leis an Ollamh Pádraig Ó Macháin: Guthán: 021 4902340, Ríomhphost: [email protected].

Tá eolas breise ar Ionad na Gaeilge Labhartha le fáil ag https:// www. ucc.ie/ucc/igl/

Tá Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, meáite ar bheith ina ollscoil uileghabhálach uilí, a earcaíonn agus a thacaíonn le comhghleacuithe ó gach earnáil sa phobal. Tá comhionannas, ilghnéitheacht agus cuimsiú ina luachanna láir againn faoin ár bPlean Straitéiseach. Tá duais cré-umha Athena Swan againn a aithníonn a thugtha is atáimíd don gcomhionannas a chur chun cinn san ard-oideachas. Cúis mhórtais dúinn gur fostaitheoirí comhionannais sinn, agus meallaimíd iarratais ó gach duine, gan bhuíochas dá aois, seasamh cúraim, míchumas, cine, féinaitheantas inscne, náisiúntacht, stádas pósta/páirtíocht shibhialta, toircheas agus máithreachas, creideamh, agus/nó gnéaschlaonadh. Táimíd meáite ar thacú leis an bhfoireann tré shocruithe solúbtha oibre, tré pholasaithe ceanúla clainne, tré thraenáil agus forbairt, agus tré ghréasáin fhoirne. Is mór linn an saibhriú a eascraíonn ó phobal ilghnéitheach agus iarraimíd comhionannas a chothú, an t-idirdhealú a sheachaint, agus cearta daonna gach éinne a chosaint de réir na reachtaíochta comhionannais. Molaimíd d'iarrthóirí breithniú ar ár bPolasaí um Dhígnit agus Meas agus a thuilleadh a fhoghlaim i dtaobh ár dTograí EDI.

Déanfar an ceapachán ar Scála Tuarastail: Admin III (Grade 6) €56,079 - €66,954 (Scála B) / €53,395 - €63,716 (Scála A)

Socrófar tuarastal an té a cheapfar do réir pholasaí phá na hearnála poiblí.

Is fostóir comhdheiseanna é Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Molaimid duit teagmháil dhíreach a dhéanamh linn má bhíonn cúnamh nó cóiríocht réasúnta uait le linn an phróisis earcaíochta.

Ní foláir iarratais a dhéanamh ar líne tré thairseach na bhfolúntas ar shuíomh idirlín Choláiste na hOllscoile Corcaigh (https: // ore.ucc.ie/). Ba cheart aon cheist i dtaobh an phróisis seo a thagairt do [email protected] agus teideal an phoist a lua.

Ba cheart d'iarrthóirí iarratas a dhéanamh, i muinín, roimh 12 meán lae (Am Áitiúil na hÉireann) Dá Máirt, an 7 Bealtaine 2024

Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.

Fostaitheoir Comhdheiseanna é Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Tá le tabhairt faoi deara go mbraithfidh ceapachán ar bith ar fhaomhadh na hOllscoile, chomh maith le téarmaí an chreata rialaithe fostaíochta don earnáil tríú leibhéil.

Contact Person : Ollamh Pádraig Ó Macháin Contact Email : [email protected] Job ID : 076411 Contact Number : 021 4902340 Close Date : 07-May-2024 12:00

From this employer

Recent blogs

Recent news